Tithíocht agus Cóiríocht
Is cur chuige réamhghníomhach agus solúbtha atá ag Comhairle Contae Chill Chainnigh agus í ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán cóiríocht a sholáthar dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu agus ag tabhairt cúnamh do dhaoine eile atá in acmhainn íoc as le cóiríocht a fháil dóibh féin.
Bíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh gníomhach ag cur chun cinn gach scéim atá ann chun cóiríocht a sholáthar dá custaiméirí.
Tógáil Tithe / Clár éadála
- Tugadh chun críche agus dáileadh 37 dteach nua ag:
Áth na nUrlainn | 10 |
Gráig na Manach | 9 |
Inis Tíog | 8 |
Baile an Phoill | 7 |
Baile Mhic Andáin | 3 |
Cloch an Bhródaigh | 3 |
- Bhí 66 theach (cuid den Chlár Tógála Tithe) á dtógáil an 31 Nollaig 2004 agus chomh maith leis sin bhí conarthaí déanta maidir le 6 theach fós le tabhairt chun críche.
- Bhí tithe as seilbh ar bhonn sealadach 40 uair i rith na bliana 2004.
- Fuair Comhairle Contae Chill Chainnigh sé aonad cóiríochta ag Malfield, Baile Mhic Andáin faoi Chuid V den Acht Um Pleanail Agus Forbairt. Tá seilbh glactha ar an sé aonad.
- Cheannaigh Comhairle Contae Chill Chainnigh maoin sealbhais ar an margadh oscailte le haghaidh dáilte - bhí an ceannach tugtha chun críche i gcás 10 gcinn ag deireadh na bliana 2004. Tá seilbh glactha ar gach ceann den deichniúr.
- Tógadh 6 theachín agus dáileadh iad ar theaghlaigh ar an liosta feitheamh tithíochta.
- Tugadh faoi obair athchóirithe ar theach cónaithe príobháideach amháin faoin Scéim Obair Fheabhsúcháin in Ionad Tithíochta.
- Cuireadh le 2 theach de chuid an údaráis áitiúil faoin gClár um Leathnú.
Earnáil Tithíochta Deonaí
- Tugadh chun críche 2 thionscadal de 9 n-aonad le haghaidh daoine faoi mhíchumas faoin Scéim Chúnamh Caipitil ag Seireapún agus 6 aonad le haghaidh daoine aosta ag Baile Mhic Andáin.
- Tá 3 thionscadal breise á dtógáil ag Baile Hugúin, Lárionad an tSáraoire, Chill Chainnigh, agus Tithe Cónaithe Pharóiste Naomh Muire do Dhaoine Aosta, Chill Chainnigh.
- Ba é €2,700,000 an caiteachas iomlán i 2004.
Tithíocht ar Phraghas Réasúnta
- Díoladh 4 theach ag Brandon Crescent, Gráig na Manach mar thithe ar phraghas réasúnta.
Iasachtaí Tithíochta
- Íocadh 6 iasacht Chomhúinéireachta agus 6 iasacht bhlianachta.
- Íocadh 10 n-iasacht le feabhas a chur ar theach i rith na bliana 2004.
- Cheannaigh 14 thionóntaí a gcuid tithe faoin Scéim Ceannachán Teaghaise Tionónta le hiasachtaí a fuarthas ó Chomhairle Contae Chill Chainnigh.
- Caitheadh €2 milliún ar iasachtaí; bhain €448,300 den chaiteachas sin le Tithíocht ar Phraghas Réasúnta.
Deontais
- Íocadh Deontais maidir le Daoine faoi Mhíchumas do 54 dhuine faoi mhíchumas chun cuidiú leo tabhairt faoi obair athchóirithe. Caiteachas Iomlán: €605,300.
- Íocadh 25 dheontas i dtaca le hobair dheisiúcháin riachtanach do dhaoine aosta mar chúnamh dóibh obair dheisiúcháin riachtanach a dhéanamh ar a dtithe cónaithe. Caiteachas Iomlán: €59,600.
Forbairt Pobail / Rannpháirtíocht Tionónta
- Ciumhaisire a chur ar fáil do Emerald Gardens, Áth na nUrlainn agus lomaire faiche peitril a chur ar fáil do Phlás Deastógála, Áth na nUrlainn.
- Ride nua do lomaire faiche a chur ar fáil do Comeragh View, Móin Choinn.
- Deontas le haghaidh obair ar thírdhreach d'Eastát Woodland agus do Páirc Bhrandon Gráig na Manac.
- Glantachán bliantúil ar chúig Eastát de chuid an údaráis áitiúil lena n-áirítear soláthar lipéid bhosca bruscair, málaí dubha agus gléasanna le páipéar a phiocadh suas.
- Síntiús airgid maidir le costas oibrí réamhfhorbartha don Lucht Siúil.
- Deontas maidir le tionscadal aosa óig na Nollag i bPlás an Easpaig Birch.
- Cúrsa réamhthionóntachta nach mór do gach tionónta nua in ionaid chónaithe na Comhairle freastal air.
Earnáil PhríobhÁideach Maidir le Tithe ar Chíos
Faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, tá clárú tionóntachtaí i gcóiríocht phríobháideach ar chíos á chur i bhfeidhm ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Caithfidh Tiarnaí Talún gach tionónta a bhfuil cónaí air i gcóiríocht dá gcuid a chlárú ar chostas €70 le haghaidh an tionóntachta - gan gá le athchlárú ach amháin sa chás go n-athrófar an tionónta.
Beidh Comhairle Contae Chill Chainnigh freagrach ar bhonn leanúnach as forfheidhmiú na Rialachán faoi na hAchtanna Tithíochta maidir le leabhair cíosa agus le caighdeáin chóiríochta príobháidí ar chíos.
Fuair Comhairle Contae Chill Chainnigh aisíocaíochtaí ar luach €5,104 ón Roinn Comhshaoil don bhliain 2004 agus beidh aisíocaíochtaí amach anseo bunaithe ar líon na dtionóntachtaí atá cláraithe leis an BTCB i dtaca le limistéir feidhmiúcháin na Comhairle.
Cúnamh do Dhaoine Gan Dídean
€274,218 an caiteachas iomlán ar chóiríocht do dhaoine gan dídean.
Cuireadh airgeadú ar fáil do:
- Lárionad an tSáraoire a chuireann cóiríocht ar fáil d'fhir gan dídean.
- Lárionad Tearmann na mBan a thugann tacaíocht agus cóiríocht do mhná agus do pháistí atá gan dídean de bharr foréigean baile.
Buacphointí Maidir le Tithíocht
- Chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh tithe ar fáil do 100 teaghlach don chéad uair lena n-áirítear 4 theaghlach den lucht siúil.
- Tugadh amach 40 iasachtaí tithíochta i 2004 lena n-áirítear iasachtaí maidir le feabhsúchán teach cónaithe.
- Íocadh 79 ndeontas tithíochta i 2004.
Tithe tógtha ag Ard Aoibheann, Inis Tíog |
Tithe tógtha ag Mount Finn Drive, Áth na nUrlainn |